Imeachtaí atá le teacht (agus roimhe)

Imeachtaí Mór-le-Rá


Tumsheachtain Samhraidh 2024
Aug.
12
to Aug. 17

Tumsheachtain Samhraidh 2024

Cuireann Gaeltacht an Oileáin Úir fáilte romhat chun Tumsheachtain Samhraidh na Gaeltachta, 12-17ú Lúnasa 2024. Beidh ranganna ar fáil do gach leibhéal, ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí líofa. Campáil ar an suíomh bheith thumtha go hiomlán sa teanga le linn na seachtaine. Bí linn i dTamworth, Ontáirio, le haghaidh deis foghlama nach bhfuil cosúil le haon cheann eile taobh lasmuigh d’Éirinn.

View Event →

Siamsa Oíche Phádraig
Mar.
16

Siamsa Oíche Phádraig

Siamsa Oíche Phádraig

Dáta: Dé Sathairn, 16 Márta, 2024

Am: 4:00 i.n. - 5:30 i.n.

Costas: Saor in Aisce!

Bígí linn le haghaidh oíche spleodrach ceoil, filíochta agus scéalaíochta ina dtiocfaimid le chéile chun Lá Fhéile Pádraig, naomh ionúin na hÉireann, a cheiliúradh!

Beidh saibhreas ár gcultúir ann trí na hamhráin, na dánta agus na scéalta is ansa linn - más taibheoir an tseantáithí thu nó duine ar bheagán táithí, tugaimid cuireadh duit d’ainm a chur sa rith agus do chleas cóisire a roinnt. Déanaimis ár n-oidhreacht agus ár dteanga a cheiliúradh i spriod an chairdis agus na lúcháire.

Ní bhaineann aon chostas leis an gcruinniú croíúil seo. Glactar le síntiúis chun tacú lenár dtionscnaimh chultúrtha, áfach, trínár suíomh gréasáin. Cabhraíonn gach tabhartas linn leanúint lenár n-oidhreacht bhríomhar a chaomhnú agus a fhorleathnú.

Cuir nod i d’fhéilire agus scaip an scéal! Déanaimis ceiliúradh do-dhearmhadta ar chultúr na nGael ag Siamsa Oíche Phádraig.

RSVP le do spás a chur in áirithe.

Sláinte!

View Event →
Féile na Samhna 2023
Nov.
18
to Nov. 26

Féile na Samhna 2023

Bain sult as ranganna teanga, ceardlanna cultúrtha, agus tacaíocht pobail de Ghaeltacht an Oileáin Úir. Deireadh seachtainí i mí na Samhna.

View Event →
Lá Oibre na Gaeltachta (Meán Fómhair)
Sep.
9

Lá Oibre na Gaeltachta (Meán Fómhair)

Laethanta oscailte ‘s iad laethanta oibre ar shuíomh na Gaeltachta chun cabhrú linn an láthair fhisiciúil a chothabháil sa tréimhse idir an tEarrach agus an Fómhar. Tá an t-imeacht seo ar oscailt d’éinne atá in ann teacht don suíomh chun cabhrú le mion-obair chothabhála.

View Event →
Tumsheachtain Samhraidh 2023
Aug.
14
to Aug. 19

Tumsheachtain Samhraidh 2023

Cuireann Gaeltacht an Oileáin Úir fáilte romhat go Tumsheachtain Samhraidh na Gaeltachta, 14-19ú Lúnasa 2023. Ranganna ar gach leibhéal, ó ghlantosaitheoirí go chainteoir líofa. Bí ag campáil ar shuíomh na Gaeltachta a bheith tumtha sa teanga. Bí linn i dTamworth, Ontáirio, ag deis fhoghlama nach bhfuil a leithéid ann taobh lasmuigh d'Éirinn.

View Event →
Lá Oibre na Gaeltachta (Lúnasa)
Aug.
12

Lá Oibre na Gaeltachta (Lúnasa)

Laethanta oscailte ‘s iad laethanta oibre ar shuíomh na Gaeltachta chun cabhrú linn an láthair fhisiciúil a chothabháil sa tréimhse idir an tEarrach agus an Fómhar. Tá an t-imeacht seo ar oscailt d’éinne atá in ann teacht don suíomh chun cabhrú le mion-obair chothabhála.

View Event →
Lá Oibre na Gaeltachta (Iúil)
Jul.
8

Lá Oibre na Gaeltachta (Iúil)

Laethanta oscailte ‘s iad laethanta oibre ar shuíomh na Gaeltachta chun cabhrú linn an láthair fhisiciúil a chothabháil sa tréimhse idir an tEarrach agus an Fómhar. Tá an t-imeacht seo ar oscailt d’éinne atá in ann teacht don suíomh chun cabhrú le mion-obair chothabhála.

View Event →
Lá Oibre na Gaeltachta (Meitheamh)
Jun.
10

Lá Oibre na Gaeltachta (Meitheamh)

Laethanta oscailte ‘s iad laethanta oibre ar shuíomh na Gaeltachta chun cabhrú linn an láthair fhisiciúil a chothabháil sa tréimhse idir an tEarrach agus an Fómhar. Tá an t-imeacht seo ar oscailt d’éinne atá in ann teacht don suíomh chun cabhrú le mion-obair chothabhála.

View Event →
Sraith Tumoidis Fhéile an tSneachta
Feb.
18
to Feb. 26

Sraith Tumoidis Fhéile an tSneachta

Cuireann Gaeltacht an Oileáin Úir cuireadh arís oraibhse go Féile an tSneachta. Is soiléir dúinn dúthracht phobal Ghaeltacht an Oileáin Úir mar a chéile leis an bhfás is fóras atá ar dhaoine agus tuilleadh deiseanna chun cainte le fáil dóibh. Is amhlaidh go bhfuilimíd bródúil chun deis eile a chur ar bun daoibh.

Feabhra 2023

Bígí linn arís i gcaitheamh dhá dheireadh seachtaine (18-19 & 25-26 Feabhra 2023) agus cuirigí snas ar bhur gcuid! Le ranganna Gaeilge gach lá agus ceardlanna cultúrtha, beidh iomaí deiseanna chun caint is comhrá a dhéanamh in atmaisféar a thabharfaidh seans d’fhoghlaimeoirí a gcuid scileanna teangan a chleachtadh taobh lasmuigh don seomra ranga.

Is uain fé leith í seo ríomhfhoghlaim tumthach a fháil, le ranganna agus ceardlann/imeacht gach lá trí físghlaoch fíorúil. Nach iontach an deis chun éispéireas na gaeltachta a bheith agat pé áit ina bhfuil tú lonnaithe! Glac páirt agus buail le Gaeil eile a thagann le chéile go fíorúil is fisicúil ár dteanga a choinneál mar theanga poiblí eadrainn, go beo bríomhar.

 

Clár laethúil Sath-Domh (ET)

10:00 rn - 12:30 in: Ranganna Gaeilge

12:30 in - 1:30 in: Lón

1:30 in - 3:00 in: Ceardlann (Satharn), Imeacht Sóisialta (Domhnach)

3:00 in - 4:00 in: Uair an tSonais (Físghlaoch Oscailte)

 

Leibhéil Teagaisc

Leibhéal 1 (TEG A1): Faigh na bunscileanna

Leibhéal 2 (TEG A2): Cuir feabhas ar do chumas labhartha agus ar d’eolas gramadaí

Leibhéal 3 (TEG B1): Cuir feabhas ar do chuid líofachta agus ar do stór focal

Leibhéal 4 (TEG B2): Cuir snas ar do bhlas is do líofacht

Leibhéal 5 (TEG C): Labhair le cainteoirí líofa eile agus obair ar mhionsonraí na teangan

 

Faigh tuilleadh eolais maidir leis na leibhéil

 

Táillí

Pacáiste slán: $85

Costas dalta (as ollscoil aitheanta): $35

Bíonn ráta chruatan airgeadais le fáil

 

Clárú ar líne

Aon ceist, info@gaeilge.ca

View Event →
Sraith Tumoidis Fhéile na Samhna & Oireachtas Gaeilge Cheanada
Nov.
12
to Nov. 27

Sraith Tumoidis Fhéile na Samhna & Oireachtas Gaeilge Cheanada

Cuireann Gaeltacht an Oileáin Úir, an t-aon cheantar gaeltachta amháin in aitheantas taobh lasmuigh d'Éirinn, cuireadh oraibhse dár n-imeacht nua fíorúil, Féile na Samhna

Samhain 2022

I gcaitheamh trí dheireadh-seachtainí, 12-13, 19-20, 26-27 Samhain 2022, beidh múinteoirí den chéad scoth ag teagasc ranganna Gaeilge dosna haon leibhéil. I dteannta le sin, beidh ceardlanna cultúrtha agus deiseanna chun caint is comhrá in atmaisféar lánGhaeilge a thabharfaidh seans d'fhoghlaimeoirí a gcuid scileanna teangan a chleachtadh taobh lasmuigh don seomra ranga. Is é sprioc againn go mbeidh na haon fhoghlaimeoir ar a shuaimhneas a chuid Gaeilge, beag nó mór, a chleachtadh agus a labhairt in atmaisféar scíthe.

Is uain fé leith í seo ríomhfhoghlaim tumthach a fháil, le ranganna agus ceardlann/imeacht gach lá trí físghlaoch fíorúil. Nach iontach an deis chun éispéireas na gaeltachta a bheith agat pé áit ina bhfuil tú lonnaithe!

View Event →
Tumsheachtain Samhraidh 2022
Aug.
8
to Aug. 13

Tumsheachtain Samhraidh 2022

Cuireann Gaeltacht an Oileáin Úir fáilte romhat go Tumsheachtain samhraidh na Gaeltachta, 8-13ú Lúnasa 2022. Ranganna ar gach leibhéal, ó ghlantosaitheoirí go chainteoir líofa. Bí ag campáil ar shuíomh na Gaeltachta a bheith tumtha sa teanga. Bí linn i dTamworth, Ontáirio, ag deis fhoghlama nach bhfuil a leithéid ann taobh lasmuigh d'Éirinn.

View Event →
Féile an tSneachta 2022
Feb.
21
to Feb. 25

Féile an tSneachta 2022

Over the course of five days, 21-25 February 2022, experienced teachers will offer daily language classes for all levels. As well, a variety of cultural workshops will be offered, giving students the chance to practice their language skills outside the classroom.

View Event →
Feb.
15
to Feb. 19

Féile na Sneachta 2021

Over the course of five days, 15-19 February 2021, experienced teachers will offer daily language classes for all levels. As well, a variety of cultural workshops will be offered, giving students the chance to practice their language skills outside the classroom.

View Event →

Imeachtaí Críochnaithe