Back to All Events

Féile na Sneachta 2021


Mar an Ghaeltacht amháin aitheanta taobh amuigh d'Éireann, tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh ár gcéad Tumseachtain Gheimhridh, ar siúl i mí Feabhra 2021. Toisc gur éirigh chomh maith sin leis ár E-Ghaeltacht Tumseachtain san Samhradh seo caite, tá sé beartaithe againn cláir a bheith ar fáil ar líne go rialta, mar chuid de gníomhaíochtaí an Ghaeltacht, amach anseo.

Ar feadh cúig lá, 15-19ú Feabhra 2021, beidh ranganna Ghaeilge ar siúil, ar leibhéil éagsula, agus iad a múineadh ag múinteóirí, atá líofa sa nGaeilge. Chomh maith leis sin, cuirfear ceardlanna cultúrtha ar fáil, a thabharfaidh seans do na bhfhoghlaimeoirí a gcuid scileanna teanga a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga. Is é sprioc againn go mbeidh gach fhoghlaimeoir ar a suaimhneas an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt in atmaisféar scíthe.

Curtear deis faoi leith ar fáil foghlaim le rang agus ceardlann le fáil gach lá trí chomhrá físe. Is deis iontach í Tumseachtain an Gheimhridh chun eispéireas na Ghaeltachta a fháil seachas sa mbhaile!

Clár Laethúil, Dé Luain - Dé hAoine
11 rn. - 1 in. (ET) Ranganna ar líne
2:30 in. - 4 in. (ET) Ceardlanna

Ceardlanna
Dé Luain
Bataireacht nó Uair an tSonais (Plé ar an nGaeilge i do shaol)

Dé Máirt
Sean-Nós nó Filíocht

Dé Céadaoin
Léacht: "Ó ghluin go glúin: Gaeilge sa bhaile"
le Fionnlagh Mac Leòid

Déardaoin
Sean-Nós nó Uair an tSonais (Plé ar do shaol faoin ndianghlasáil)

Dé hAoine
Cócaireachta as Gaeilge nó
Uair an tSonais (Plé oscailte)

Táillí ⁊ Clárú

Pacáiste Slán: $85
Íoc Dalta: $50
Íoc laethúil: $20

Cruatan arigeadais: Abair linn info@gaeilge.ca

Next
Next
August 9

Tumseachtain Samhraidh na Gaeltachta 2021