Back to All Events

Sraith Tumoidis Fhéile na Samhna & Oireachtas Gaeilge Cheanada


Cuireann Gaeltacht an Oileáin Úir, an t-aon cheantar gaeltachta amháin in aitheantas taobh lasmuigh d'Éirinn, cuireadh oraibhse dár n-imeacht nua fíorúil, Féile na Samhna

Samhain 2022

I gcaitheamh trí dheireadh-seachtainí, 12-13, 19-20, 26-27 Samhain 2022, beidh múinteoirí den chéad scoth ag teagasc ranganna Gaeilge dosna haon leibhéil. I dteannta le sin, beidh ceardlanna cultúrtha agus deiseanna chun caint is comhrá in atmaisféar lánGhaeilge a thabharfaidh seans d'fhoghlaimeoirí a gcuid scileanna teangan a chleachtadh taobh lasmuigh don seomra ranga. Is é sprioc againn go mbeidh na haon fhoghlaimeoir ar a shuaimhneas a chuid Gaeilge, beag nó mór, a chleachtadh agus a labhairt in atmaisféar scíthe.
Is uain fé leith í seo ríomhfhoghlaim tumthach a fháil, le ranganna agus ceardlann/imeacht gach lá trí físghlaoch fíorúil. Nach iontach an deis chun éispéireas na gaeltachta a bheith agat pé áit ina bhfuil tú lonnaithe!

Ceardlanna trialacha: Ealaíona liteartha na nGael, Ealaíona béil na nGael, Amhránaíocht ar an Sean Nós, An Seanchló Gaelach agus Lámhscríbhneoireacht Reatha na Gaeilge

Clár laethúil Sath-Domh (ET)
1-3 in: Ranganna fíorúla
3:30 in- 5 in: Ceardlanna (Sath) / Imeacht Sóisialta (Domh)

Leibhéil Teagaisc
Leibhéal 1 (TEG A1): Faigh na bunscileanna
Leibhéal 2 (TEG A2): Cuir feabhas ar do chumas labhartha agus ar d'eolas gramadaí
Leibhéal 3 (TEG B1): Cuir feabhas ar do chuid líofachta agus ar do stór focal
Leibhéal 4 (TEG B2): Cuir snas ar do bhlas is do líofacht
Leibhéal 5 (TEG C): Labhair le cainteoirí líofa eile agus obair ar mhionsonraí na teangan

Faigh tuilleadh eolais maidir leis na leibhéil

Oireachtas Gaeilge Cheanada

Is ceiliúradh amhrán agus teangan é Oireachtas Gaeilge Cheanada, ar siúl go fíorúil ar an 27ú Samhain 2022 mar pháirt d'Fhéile na Samhna. Leis an mbéim ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge, cuirimíd fáilte is fiche go Gael ar aon leibhéal cumais go comórtais fé mholtóireacht (amhránaíocht ar an sean nós, amhránaíocht i stíl eile) agus go taispeántais gan mholtóireacht.

Comórtas fé Mholtóireacht: Amhránaíocht i Stíl Eile ná Sean Nós
Comórtas fé Mholtóireacht: Amhránaíocht ar an Sean Nós
Taispeántas gan Mholtóireacht: Lúibíní/Agallamh Beirte
Taispeántas gan Mholtóireacht: Gabháil Véarsaí (Filíocht/Scéal)(roghnaithe roimh-ré)
Taispeántas gan Mholtóireacht: Cumadh filíochta (duanaireacht)
Chun rannpháirtíocht chomh leathan agus is féidir a spreagadh, reáchtálfar an tOireachtas ar líne mar chuid de Shraith Tumoideachais na Samhna.

Téigí in iomaíocht nó bígí sa dream éisteachta, ach bígí linn! Tá gach cead iontrála a bheith mar iomaitheoir nó bhreathnóir san áireamh sa phacáiste slán.

Clárúchán ar leith de dhíth.

Dé Domhnaigh an 27ú Samhain 2022
2 in ET: Oireachtas

Táillí
Pacáiste slán: $95
Costas dalta (as ollscoil aitheanta): $35
Bíonn ráta chruatan airgeadais le fáil
Oireachtas amháin (breathnóir agus iomaitheoir): $10

Aon ceist, info@gaeilge.ca

Previous
Previous
August 8

Tumsheachtain Samhraidh 2022

Next
Next
February 18

Sraith Tumoidis Fhéile an tSneachta