Back to All Events

Tumsheachtain Samhraidh 2024


Tabhair faoi thuras nach bhféadfá dearmad a dhéanamh air - turas go hÉirinn anseo i gCeanada!

Fionnaigh draíocht ár gCampa Samhraidh agus bí tumtha i dteanga agus cultúr na nGael. Tá eachtra Gaelach ar leith ar feitheamh dhuit gan Meiriceá Thuaidh a fhágáil! Ná caill an t-aon seans i Meiriceá Thuaidh bheith tumtha sa Gaeilge ar feadh seachtaine go iomlán!

 

Seo a bhfuil ar siúl againn:

🔍 Tumoideachas Teanga: Tum féin in áilleacht na Gaeilge anseo i gCeanada! Cinntíonn ár gcuraclam go mbeidh tú ag dul chun cinn go gasta i líofacht na Gaeilge agus go mbeidh craic dár ndóin agat ag an am céanna! Faigh do leibhéal sa Ghaeilge

🌈 Ceardlanna Cultúrtha: Déan iniúchadh ar shaibhreas bríomhar de chultúir na nGael trí cheardlanna spreagúla! Ó cheol traidisiúnta agus rince go béaloideas agus scéalaíocht, faigh taithí ar fhíorbhunús na hÉireann.

🍳 Bricfeastaí agus Lónta Lónadóireachta: Cuir tús le do lá le bricfeasta Eorpach agus coinnigh suas leis an nGaeilge trí mheánlae - is deis í gach béile dul i dteagmháil le Gaeil eile.

Campáil ar an Suíomh: Codail faoi na réilthíní! Cuireann ár suíomh cluthar campála áit iontach duit chun cuimhní dodhearmadta agus cairde nua le Gaeilge a dhéanamh. Muna bhfuil tú in ann campáil amach, tá liosta árasáin áitiúla ar fáil againn.

👧 Rang Páistí: Lig do do chlann bheaga dul ar a dturas teanga féin! Cuireann ár rang maidine páistí foghlaim idirghníomhach is cuí ar fáil don aos óg idir 4-12 bliana d’aois.

💚 Pobal Tacaíochta: Bí i measc pobal fáilteach idir fhoghlaimeoirí teanga agus cainteoirí paiseanta. Le chéile, ceiliúraimís na héachtaí, réiteoimis na dúshláin, agus tógfaimis naisc bhuana eadarainn mar Ghaeil. Is féidir leat aon t-ábhar leabharlainne go bhfuil spéis agat fúthu a sheiceáil amach le iad a iompar suas i rith na seachtaine!

Cláraigh linn inniu agus bí ullamh le shamhradh lán le draíocht na hÉireann a chaitheamh linn anseo i gCeanada! Rátaí mac léinn ar fáil.

Tá gá le clárú - pacáiste iomlán ag dúnadh ar an 2 Lúnasa mar chomaoin ar an lónadóir. Déan teagmháil linn le haghaidh rátaí Mic Léinn nó cruatain.

 
Previous
Previous
April 7

Buanchruinniú don bhFoireann Dheonach