Back to All Events

Féile na Samhna 2023


Féile na Samhna 2023 - Bain sult as an bhFómhar le Teanga agus Cultúr na nGael!

Cathain: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 18-19 Samhain & 25-26, 2023

Cá háit: Ar Líne - Bí Linn ó Áit ar bith

🇮🇪 Teanga: Gaeilge

Bígí Linn! Tá an-áthas orainn cuireadh croíúil a thabhairt duit ó Ghaeltacht an Oileáin Úir, an t-aon ghaeltacht lasmuigh d’Éirinn, le bheith páirteach i sraith tumoideachais an fhómhair linn, Féile na Samhna. Bíonn an fhéile seo ar siúl ar an Satharn agus ar an nDomhnach i rith deireadh seachtainí 18-19ú & 25-26ú Samhain , 2023.

Ranganna Gaeilge

Bí tumtha sa Ghaeilge le ranganna atá in oiriúint do gach leibhéal cumais sa teanga, atá cuí do gach chainteoir idir ghlantosaitheoir go cainteoir líofa. Déanaimid ár ndícheall chun atmaisféar compordach, dearfach a chothú taobh laistigh agus lasmuigh den rang go mbeidh tú ar do shuaimhneas ag cleachtadh agus ag labhairt na Gaeilge.

Ceardlanna

Cuir spéis i saibhreas chultúr na nGael le ceardlanna suimiúla, seisiún ar snaidhmeacht Cheilteach le Janet Gaylord agus caint ar “Imní Teangan” le Dónall Ó Dubhghaill, cad é agus conas é a shárú. Tá súil againn go saibhreoidh na seisiúin seo do thuras teanga.

Comhphobal

Níl i gceist le Féile na Samhna ach ranganna agus ceardlanna teanga amháin; seo deis chun teagmháil a dhéanamh le pobal cabhrach fáilteach i do theannta. Le chéile, is féidir linn cabhrú do do chuid Gaeilge a bhuanú leat i rith na bliana.

Táillí

Pacáiste Iomlán: $85

Ráta Chruatain Airgeadais nó Dálta: $35 (déan teagmháil linn le haghaidh cód)

Ráta Laethúil: $25

Abair Linn - Le haghaidh tuilleadh eolais, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag info@gaeilge.ca. Táimid anseo chun cabhrú leat!

Bígí linn ar Fhéile na Samhna 2023 agus tumadh tú féin in áilleacht na Gaeilge agus cultúr ár ndaoine. Cláraigh inniu agus bí mar chuid den eispéaras neamhghnách seo. Dúnfar clárú ar an 5ú Samhain. Bígí linn!

    • 10:00 rn - 12:30 in: Ranganna Teanga

    • 12:30 in - 1:30 in: Sos lóin

    • 1:30 in - 3:00 in: Ceardlann (Satharn), Imeacht Sóisialta (Domhnach)

    • 3:00 in - 4:00 in: Uair an tSonais (físghlaoch oscailte)

    • Leibhéal 1 (TEG A1): Faigh na bunghnéithe.

    • Leibhéal 2 (TEG A2): Cumas cainte a fheabhsú agus eolas ar an ngramadach a leathnú.

    • Leibhéal 3 (TEG B1): Feabhsaigh líofacht, cuir le stór focal.

    • Leibhéal 4 (TEG B2): Feabhsaigh líofacht.

    • Leibhéal 5 (TEG C): Labhair le cainteoirí líofa eile agus oibrigh ar phointí míne na teanga.

Previous
Previous
November 5

Buanchruinniú don bhFoireann Dheonach

Next
Next
December 3

Buanchruinniú don bhFoireann Dheonach