Back to All Events

Sraith Tumoidis Fhéile an tSneachta


Cuireann Gaeltacht an Oileáin Úir cuireadh arís oraibhse go Féile an tSneachta. Is soiléir dúinn dúthracht phobal Ghaeltacht an Oileáin Úir mar a chéile leis an bhfás is fóras atá ar dhaoine agus tuilleadh deiseanna chun cainte le fáil dóibh. Is amhlaidh go bhfuilimíd bródúil chun deis eile a chur ar bun daoibh.

Feabhra 2023

Bígí linn arís i gcaitheamh dhá dheireadh seachtaine (18-19 & 25-26 Feabhra 2023) agus cuirigí snas ar bhur gcuid! Le ranganna Gaeilge gach lá agus ceardlanna cultúrtha, beidh iomaí deiseanna chun caint is comhrá a dhéanamh in atmaisféar a thabharfaidh seans d’fhoghlaimeoirí a gcuid scileanna teangan a chleachtadh taobh lasmuigh don seomra ranga.

Is uain fé leith í seo ríomhfhoghlaim tumthach a fháil, le ranganna agus ceardlann/imeacht gach lá trí físghlaoch fíorúil. Nach iontach an deis chun éispéireas na gaeltachta a bheith agat pé áit ina bhfuil tú lonnaithe! Glac páirt agus buail le Gaeil eile a thagann le chéile go fíorúil is fisicúil ár dteanga a choinneál mar theanga poiblí eadrainn, go beo bríomhar.

 

Clár laethúil Sath-Domh (ET)

10:00 rn - 12:30 in: Ranganna Gaeilge

12:30 in - 1:30 in: Lón

1:30 in - 3:00 in: Ceardlann (Satharn), Imeacht Sóisialta (Domhnach)

3:00 in - 4:00 in: Uair an tSonais (Físghlaoch Oscailte)

 

Leibhéil Teagaisc

Leibhéal 1 (TEG A1): Faigh na bunscileanna

Leibhéal 2 (TEG A2): Cuir feabhas ar do chumas labhartha agus ar d’eolas gramadaí

Leibhéal 3 (TEG B1): Cuir feabhas ar do chuid líofachta agus ar do stór focal

Leibhéal 4 (TEG B2): Cuir snas ar do bhlas is do líofacht

Leibhéal 5 (TEG C): Labhair le cainteoirí líofa eile agus obair ar mhionsonraí na teangan

 

Faigh tuilleadh eolais maidir leis na leibhéil

 

Táillí

Pacáiste slán: $85

Costas dalta (as ollscoil aitheanta): $35

Bíonn ráta chruatan airgeadais le fáil

 

Clárú ar líne

Aon ceist, info@gaeilge.ca

Previous
Previous
November 12

Sraith Tumoidis Fhéile na Samhna & Oireachtas Gaeilge Cheanada

Next
Next
June 10

Lá Oibre na Gaeltachta (Meitheamh)