Back to All Events

Féile an tSneachta 2024


Féile an tSneachta 2024 - Faigh cairdiúlacht le Teanga agus Cultúr na nGael!

Cathain: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 17-18 & 24-25 Feabhra, 2024

Cá háit: Ar Líne - Bí Linn ó Áit ar bith

🇮🇪 Teanga: Gaeilge

[Ball shuíomh an ghréasáin thu? Ná déan dearmad do chód lascaine a chur i bhfearas!]

Bígí Linn! Tá an-áthas orainn cuireadh croíúil a thabhairt duit ó Ghaeltacht an Oileáin Úir, an t-aon ghaeltacht lasmuigh d’Éirinn, le bheith páirteach i sraith tumoideachais an gheimhridh linn, Féile an tSneachta. Bíonn an fhéile seo ar siúl ar an Satharn agus ar an nDomhnach i rith deireadh seachtainí 17-18ú & 24-25ú Feabhra, 2024.

Ranganna Gaeilge

Bí tumtha sa Ghaeilge le ranganna atá in oiriúint do gach leibhéal cumais sa teanga, atá cuí do gach chainteoir idir ghlantosaitheoir go cainteoir líofa. Déanaimid ár ndícheall chun atmaisféar compordach, dearfach a chothú taobh laistigh agus lasmuigh den rang go mbeidh tú ar do shuaimhneas ag cleachtadh agus ag labhairt na Gaeilge.

Ceardlanna

Cuir spéis i saibhreas chultúr na nGael le ceardlanna suimiúla: TBD.

Comhphobal

Níl ranganna agus ceardlanna teanga amháin i gceist leis an nGaeltacht; seo deis chun teagmháil a dhéanamh le pobal cabhrach fáilteach i do theannta. Le chéile, is féidir linn cabhrú do do chuid Gaeilge a bhuanú leat i rith na bliana.

Táillí

Pacáiste Iomlán: $85 (dúnfar clárú ar an 11ú Feabhra)

Ráta Chruatain Airgeadais nó Dálta: $35 (déan teagmháil linn le haghaidh cód)

Ráta Laethúil: $25

Abair Linn - Le haghaidh tuilleadh eolais, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag info@gaeilge.ca. Táimid anseo chun cabhrú leat!

Bígí linn ar Fhéile an tSneachta 2024 agus tumadh tú féin in áilleacht na Gaeilge agus cultúr ár ndaoine. Cláraigh inniu agus bí mar chuid den eispéaras neamhghnách seo. Bígí linn!

    • 10:00 rn - 12:30 in: Ranganna Teanga

    • 12:30 in - 1:30 in: Sos lóin

    • 1:30 in - 3:00 in: Ceardlann (Satharn), Imeacht Sóisialta (Domhnach)

    • 3:00 in - 4:00 in: Uair an tSonais (físghlaoch oscailte)

    • Leibhéal 1 (TEG A1): Faigh na bunghnéithe.

    • Leibhéal 2 (TEG A2): Cumas cainte a fheabhsú agus eolas ar an ngramadach a leathnú.

    • Leibhéal 3 (TEG B1): Feabhsaigh líofacht, cuir le stór focal.

    • Leibhéal 4 (TEG B2): Feabhsaigh líofacht.

    • Leibhéal 5 (TEG C): Labhair le cainteoirí líofa eile agus oibrigh ar phointí míne na teanga.

Previous
Previous
February 4

Buanchruinniú don bhFoireann Dheonach

Next
Next
March 3

Buanchruinniú don bhFoireann Dheonach