Back to All Events

Tumsheachtain Samhraidh 2023


Tá áthas arís ar fhoireann Ghaeltacht an Oileáin Úir, an t-aon cheantar gaeltachta amháin in aitheantas taobh lasmuigh d'Éirinn, fáilte a chur romhaibhse go Tumsheachtain Samhraidh, ar siúl idir an 14-19ú mí Lúnasa, 2023. D'éirigh an clár nua go mór linn anuriadh agus beimid chun níos mó snasa a chur ar air fiú (ranganna teangan sa trathnóna, rang leanaí, agus céilí mar pháirt de).

Ranganna Teanga

I rith na seachtaine beidh ranganna Gaeilge ar siúil, ar leibhéil éagsula idir glantosnaitheoir agus cainteoir líofa in atmaisféar lánGhaeilge a thabharfaidh seans d’fhoghlaimeoirí a gcuid scileanna teangan a chleachtadh taobh lasmuigh don seomra ranga. 

Beidh fáilte roimh an aos óg idir 4-12 bl. d'aois don rang leanaí, gach lá le linn na maidine.

Is é sprioc againn go mbeidh na haon fhoghlaimeoir ar a shuaimhneas a chuid Gaeilge, beag nó mór, a chleachtadh agus a labhairt in atmaisféar scíthe.

Aimsigh do leibhéal sa Ghaeilge 

Ceardlanna

Táimíd at mhuin na muice le fógairt (go trialach) go mbeidh ceardlann ar chlaí chloch i mbliana, le Dry Stone Canada.

"Our workshops are designed to be a learning opportunity for anyone interested in the art and craft of dry stone. To participate, you do not need any particular skill, or tools, or feel you may not be strong enough. As long as you are interested in learning you will be able to do this."

Chomh maith leis sin beidh Máistir Maxime Chouinard, teagascóir bataireachta cáilithe sa stíl Aontrama, inár dteannta chun an tsean-ealaín troda as ré na faicseanaíochta a chleachtadh.

Clárúchán ar leith de dhíth (dúnfar an clárúchán ar an 31ú Iúil, i gcomaoin ar an lónadóir).

Campáil ar an suíomh chun eispéireas tumoidis go hiomlán a fháilt. Bricfeasta agus dinnéir lónadóra gach aon lá.

Bígí deimhnitheach aon t-ábhar leabharlainne go bhfuil spéis agaibh fúthu a sheiceáil amach le iad a iompar suas le linn na tumsheachtaine!

Cuirtear deis faoi leith ar fáil foghlaim le rang agus ceardlann le fáil gach lá. Is deis iontach í Tumsheachtain Samhraidh chun eispéireas na Gaeltachta a fháil!

Bricfeasta eorpach

Dinnéir lónadóireachta gach lá

Campáil faoin tuath ar shuíomh na gaeltachta a bheith tumtha sa Ghaeilge.

Ranganna do gach leibhéal cumais, ó ghlantosaitheoirí fásta go cainteoirí líofa.

Rang leanaí le linn maidineacha.


Táillí ⁊ Clárú

Pacáiste Slán: $275
Costas dalta, nó chruatan airgeadais: $185
Costas laethúil: $50

Leanaí 4-12: $125 pacáiste slán

(nó $25 go laethúil)

Previous
Previous
August 12

Lá Oibre na Gaeltachta (Lúnasa)

Next
Next
August 19

Céilí le Maureen Mulvey agus an Banna Céilí Seventh Town