Faigh eolas ar oidhreacht bhuan na Gaeilge agus a tionchar domhain ar mhuintir na Ceanada. Bhí an Ghaeilge tráth mar chuid bhríomhar de chreatlach ilchultúrtha Cheanada. D’athraigh ról na Gaeilge le himeacht ama, ach níor imigh sí uainn riamh.

Is stór teangeolaíoch í an Ghaeilge atá ina seoid ar oileán na hÉireann le breis agus 2,500 bliain. Ar feadh na céadta bliain, bhí an Ghaeilge mar cainéal rí-thabhactach ina bealach is tábhachtaí d’fhéiniúlacht, do chultúr, agus do smaointearacht mhachnamh na hÉireann. Ba í teanga na ndaoine í, bunchloch choirnéil a dtraidisiún, agus glór dúchasach an tSean-Oird Ghaelaigh. Chuir ionradh agus coilíniú a rinne na Sasana ar Éirinn tús le tréimhse diansmachta a thriail neart ár gcultúir agus misneach ár ndaoine. De réir a chéile, tháinig meath mall ar cháil na teangan cé gur mhair an Ghaeilge go forleathan mar theanga le furmhór na hÉireannaigh. Tháinig an cor cinniúnach don Ghaeilge leis an nGorta Mór 1845-1852 mar gheall ar líon na mbásanna agus na n-eisimirceach a bhi i measc cainteoirí Gaeilge díchumhachtaithe. Ba é líon na mbásanna i measc cainteoirí Gaeilge i dteannta leis an náire agus an crá croí a thug na teifigh leo go áiteanna ar nós Cheanada agus na Stát Aontaithe, ba chiontach leis an nGaeilge a laghdú agus b’amhlaidh a thit an teanga nach mór go hiomlán ar fud an domhain laistigh de dhá glúin.

Nochtann stair na Gaeilge i gCeanada neart de theanga atá beagnach dearmhadta ag cúrsaí na staire, chomh maith le diongbháilteacht agus dúthracht na ndaoine a ghlac léi arís. Maireann sí in ómós do dhiaspóra na nGael i gCeanada, áit a mhair breis is ceathrú milliún cainteoir Gaeilge faoi dheireadh an 19ú haois. Faoi na 1960idí bhí an teanga faoi shuan i gCeanada, gan aon phobal Gaelach fágtha agus gan ach dornán cainteoirí dúchais ina mbeo. Ach níor éag an Ghaeilge i gCeanada i ndáiríre agus d’fhan cainteoirí ar aon chumas ann go hiargúlta i gcónaí. Tugann filí agus údair Ghaelacha na Ceanada nod dúinn ar an ndream a choinnigh a dteanga in aghaidh an toirmisc agus ar iad a roghnaigh a n-oidhreacht a chaomhnú. Trí lionsa an dúshláin agus na bua araon, tugaimid cuireadh dhuit an ré atá thart a fhionnadh, ré ár linne a mheas, agus machnamh a dhéanamh ar an nGaeilge i mósáic na Ceanada san ré atá le teacht.

When we consider the remarkable advances which are currently under way in teaching the Irish language to enthusiastic learners throughout North America, let us also remember those thousands of Irish-speaking emigrants who crossed the Atlantic in the famine and post famine years, a number of whom (such as Pádraig Feirtéir) included a bundle of their Irish manuscripts, that they had copied from older sources, among the meagre store of possessions that they carried with them.
— Éamon Ó Cuív (1)

Is léir an bearna í an easpa saothair ó mhná sa chnuasach seo. Ní haon locht ar thraidisiúin na nGael ina raibh filí ban ina leith. Is éacht iontach aisteach féin é maireachtaint aon chumadóireachta as Gaeilge ó Cheanada nuair a chuimhnítear ar stádas íseal a bhí ar an dteanga leis na céadta bliain. Tugann na blúirí atá fágtha sracfhéachaint ar chultúr na nGael a bhí beo bríomhar i gCeanada seal, cé go deimhnitheach é gur ligeadh go leor údair i ndearmhad le himeacht ama. Tugann na saothair atá fágtha dúinn léargas riachtanach ar an saol a bhí ag formhór na nGael i gCeanada; daoine a bhí cruthaitheach, neamhliteartha, agus dofheicthe don stair.

Ina theannta leis sin, is gá dhúinn admháil go mba chóir dearcthaí Phobail na mBundúchasach i gCeanada a chlos le tuiscint chruinn ar stair na nGael i gCeanada a fháil. Tá saothair curtha chun suntais againn a bhaineann le Bundúchasaigh Cheanada agus idirghníomhú na nGael leo, ach gan dabht chuirfeadh a stair bhéil féin saibhreas agus doimhneacht ar an staidéir seo.

Faigh Saothair de réir Réigiúin

Le haghaidh lua, bain úsáid as: Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca

Is tuairimí an údair amháin iad aon tuairimí a nochtar, agus b’fhéidir nach léiríonn siad tuairimí Chumann na Gaeltachta. Fanann aon chearta maoine intleachtúla leis an údar amháin. Tá na saothair go léir curtha in oiriúint do chaighdeán na nua-Ghaeilge, chun iad a dhéanamh chomh inrochtana agus is féidir do chainteoirí Gaeilge an lae inniú.

    1. Ó Cuív, Éamon. “An Górta Mór - The Impact and Legacy of the Great Irish Famine.” Lecture. University of Toronto. St. Michael’s College, Toronto. 08 May 2009.

      All other cited references, numbers, or quotations as from: Ó Dubhghaill, Dónall (Doyle, Danny). 2019. Míle Míle i gCéin: The Irish Language in Canada. 2nd Ed. Boralis Press: Ottawa.

      The form “Áit Ró-Fhuar” has been used thoughout this exhibition in place of the standard “Rófhuar” in reference to the source citation

  • Ba mhaith liom baochas óm chroí a roinnt leis na haon duine a chabhraigh liom le linn mo thaighde, go háirithe san áireamh: na heagrathóirí Gaeilge agus Rann Aistriúchan na Gaeltachta - Eithne Dunbar, Siobhán Donoghue ⁊ Maighréad Moriarty; na heagarthóirí Béarla - Terre Marks and Sorcha DeFinney; Kevin Dooley, Muintir Uí Dhálaigh, the Hamilton Public Library and Bishop Farrell Archives, Library and Archives Canada, Maynooth University Library , McGill University Library, the National Library of Ireland, Parks Canada, and University College Dublin.

    To maintain this exhibit as a citable resource, any changes to the content will be recorded in this log.

    • Mar 2024 - Launch of English full text and Irish main pages. Irish editions of author pages and French editions of main and author pages to follow.