An bhfuil tú ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge?
Soláthraíonn Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) curaclam caighdeánach ar Chomhchreat Tagartha le gach teanga Eorpach eile.
Tá tástáil le fáil chun bhur gcuid foghlama a dheimhniú, agus chun aischur a sholáthair faoi na réimsí inarbh fhéidir libh an feabhas is gasta a dhéanamh.
CAD: Tástáil TEG do 2015
SPRIOCDHÁTA CLÁRÚCHÁIN: 20 Márta 2015
IONAID TÁSTÁLA i MEIRICEÁ THUAIDH: New York City / Ottawa
DÁTAÍ TÁSTÁLA: A1 – 6 Meitheamh 2015
A2 – 23 Bealtaine 2015
B1 – 9 Bealtaine 2015
B2 – 18 Aibreán 2015
CLÁRÚ AR LÍNE: www.teg.ie
TUILLEADH EOLAIS: www.teg.ie
=============
CAD: Cúrsa Ullmhúcháin TEG A1 (féach ar fhógra thíos)
CATHAIN: 29 – 31 Bealtaine 2015
LÁTHAIR: University of Ottawa, Official Languages and Bilingualism Institute
COSTAS: $100
SPRIOCDHÁTA CLÁRÚCHÁIN: 15 Bealtaine 2015
TUILLEADH EOLAIS: Aralt Mac Giolla Chainnigh, kenny-h@rmc.ca
=============
CAD: Cúrsa Ullmhúcháin TEG A2
CATHAIN: 15 – 17 Bealtaine 2015
LÁTHAIR: University of Ottawa, Official Languages and Bilingualism Institute
COSTAS: $100
TUILLEADH EOLAIS: Aralt Mac Giolla Chainnigh, kenny-h@rmc.ca
Tá, ar a laghad, 4 – 5 mac léinn de dhíth chun an Cúrsa Ullmhúcháin A2 a reáchtáil. Cuirigí in iúl d’Aralt Mac Giolla Chainnigh, kenny-h@rmc.ca , chomh luath agus is féidir, más rud go bhfuil spéis agat sa chúrsa seo, ionas gur féidir linn a chinntiú go rachaidh sé ar aghaidh.