Comhairliúchán ar Thograí faoi choinneBille Gaeilge

Tá an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i mbun comhairliúcháin le tuairimí a lorg ar a dtograí faoi choinne Bille Gaeilge. Mínítear na tograí i ndoiciméad comhairliúcháin na Roinne atá ar fáil ó shuíomh idirlín na Roinne www.dcalni.gov.uk/consultation.

 

Is féidir foirm freagartha na roinne a úsáid le freagra a chur isteach, nó litir a scríobh. Más maith leat freagra a chur isteach, seo chugat moltaí POBAL maidir le pointí le cur san áireamh. Cuir do fhreagra ar r-phost chuig consultations@dcalni.gov.uk nó sa phost chuig:Comhordaitheoir Freagairtí, Comhairliúchán ar Bhille Gaeilge, Roinn Cultúir, Ealaíon & Fóillíochta, Leibhéal 7, Malartán an Chabhsa, 1-7 Sráid Bedford, Béal FeirsteBT2 7EG, roimh 5ú Bealtaine 2015

 

Molann POBAL na pointí seo a leanas a chur san áireamh i do fhreagra:

 

(Baineann na míreanna agus uimhir na gceisteanna atá luaitear thíos leis an fhoirm freagartha atá ar fáil ó shuíomh na Roinne ach is féidir na pointí a úsáid i bhfoirm litreach, nó aighneachta más fearr leat)

 

Mír 1 Stádas Oifigiúil

Ceist 1a - Tá

 

Ceist 1b

Tá moltaí reachtaíochta a thagann le cur chuige ceartbhunaithe aontaithe céanna féin ag pobal na Gaeilge tar éis phróiseas suntasach comhairliúcháin a rinne POBAL. Ní mór an Bille a bhunú ar mholtaí POBAL sa doiciméad Acht na Gaeilge TÉ, Eisiúint 2. Ní mór don Bhille stádas oifigiúil na Gaeilge a léiriú i dteideal agus i dtéacs an Achta agus trí réimse leathan de chearta ráthaithe a chruthaíonn sé.   Is trua nach bhfuil spás ar an fhoirm seo le tuairimí faoi ceisteanna eile a léiriú. Tá sé de dualgas ag rialtas na Breataine an tAcht seo a thabhairt isteach, agus caithfear ábhair a bhaineann le cumhachtaí Westminster amháin, mar shampla craoltóireacht na Gaeilge, dualgais na gcomhlachtaí corónacha, agus srl a chur san áireamh i reachtaíocht don teanga.

 

Mír 2 An Ghaeilge sna Cúirteanna

 

Ceist 2a – Tá

 

Ceist 2b

Na foirmeacha agus teastais seo a leanas a chur ar fáil i nGaeilge

- ceadúnais tiomána

- pasanna taistil agus víosaí

- Teastais bhreithe

- Teastais bháis

- Teastais phósta / pháirtíochtaí sibhialta

 

Seirbhísí pósta agus páirtíochtaí sibhialta as Gaeilge.

 

Ceist 2c

Ba chóir go leanfadh Bille na Gaeilge an tsamhail a cuireadh chun tosaigh i moltaí aontaithe POBAL i dtaca le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna, is é sin, cur chuige ceartbhunaithe. Cuirigí san áireamh moltaí POBAL, in Acht na Gaeilge TÉ, Eis 2, leathanach 64-65, míreanna 25-30

 

Mír 3 An Tionól

 

Ceist 3a - Tá

 

Ceist 3b

Ba chóir dualgais a chur ar chomhairlí chomh maith. Tugann an cháipéis comhairliúcháin cuntas an-teoranta ar na seirbhísí a thiocfadh a bheith le fáil ó fhorais mar seo agus ní dhéanann sé aon tagairt do sholáthar seirbhíse ó aon chonraitheoir príobháideach a bhfuil cúram sholáthar seirbhíse ón stat nó ó earnálacha poiblí air. Tá nasc nach beag idir dualgais na bhforas seo agus soláthar sheirbhísí poiblí. Feictear an nasc sin níos soiléire i ndoiciméad POBAL, Acht na Gaeilge TÉ, Eis 2 agus ba chóir glacadh leis na moltaí ar leathanach 62-64, míreanna 10-24, agus ar leathanach 66-72, míreanna 31-42.

 

Ceist 3c

Ba chóir glacadh leis na moltaí POBAL in Acht na Gaeilge Eis 2, ar leathanach 62-64, míreanna 10-24, agus ar leathanach 66-72, míreanna 31-42.

 

Mír 4 An Coimisinéir Gaeilge

 

Ceist 4a -Tá

 

Ceist 4b

Aontaím gur chóir Coimisinéir Gaeilge a cheapadh. Ní mór ról soiléir a bheith ag an Choimisinéir, chomh maith le go leor acmhainní agus cumhachtaí cuí. Ní mór don Choimisinéir a bheith neamhspleách ó thionchar diúltach polaitiúil. Tá ról an Choimisinéara, mar atá sé leagtha síos sa cháipéis comhairliúcháin, ró-leathan. Níor chóir don Choimisinéir scéimeanna a aontú le comhlachtaí agus ansin breithiúnas a thabhairt orthu. Taispeánann taithí ón deisceart agus ón Bhreatain Bheag nach é seo a eiseamláir is fearr.

 

Ceist 4c

Má tá scéimeanna le bheith ann, ba chóir Bord nua a bhunú a mbeadh de chumhacht aige tabhairt ar chomhlachtaí poiblí nach bhfuil luaite ar an Sceideal scéim a ullmhú.

 

Ceist 4d

Ní mór glacadh le moltaí POBAL sa doiciméad Acht na Gaeilge TÉ Eisiúint 2 maidir le feidhmeanna an Choimisinéara.

 

Ceist 4e

Ní mór glacadh le moltaí POBAL sa doiciméad Acht na Gaeilge TÉ Eisiúint 2 maidir le cumhachtaí an Choimisinéara. Féachaigí leathanach 82-89 an doiciméid POBAL, míreanna 74-103, móide le moltaí maidir le Sceideal leis an Acht.

 

 

Mír 5 Comhlachtaí Poiblí

Ceist 5a - Tá

 

Ceist 5b

Míreanna tábhachtacha atá iontu, ach tá bearnaí suntasacha ann. Ní mór go bhfuil na míreanna a bhaineann le seirbhísí poiblí ag teacht leis na míreanna faoi na forais polaitiúla, agus níl sé soiléir go mbeadh sé amhlaidh sa cháipéis comhairliúcháin. Moltar eiseamláir POBAL a úsáid, mar atá leagtha síos in Acht na Gaeilge TÉ Eisiúint 2, leathanach 62-64, míreanna 10-24, leathanach 65, mír 28, leathanach 66-72, míreanna 31-42

 

Ceist 5c

Is cosúil go bhfuil doiléireacht agus bearnaí sa chur chuige seo. Níl sé soiléir, mar shampla go bhfuil comharthaíocht san áireamh, agus má tá, cén cineál de chomharthaí agus cá háit. Glacaigí le moltaí POBAL, Acht na Gaeilge TÉ Eisiúint 2, leathanach 62-64, míreanna 10-24 agus leathanach 65, mír 28 (maidir leis na cúirteanna), chomh maith le leathanach 66-72, míreanna 31-42.

 

Ceist 5d

Tá cur chuige comhleanúnach de dhíth idir rannóga éagsúla an Bhille. Ba chóir moltaí POBAL a úsáid, ó Acht na Gaeilge TÉ Eisiúint 2, leathanach 62-64, míreanna 10-24, leathanach 65, mír 28 (maidir leis na cúirteanna), leathanach 66-72, míreanna 31-42.

 

 

Mír 6 Scéimeanna Teanga

Ceist 6a - Tá

 

Ceist 6b

Ní mór réimse leathan de chearta ráthaithe a chruthú sa Bhille. Níl go leor eolais sa cháipéis comhairliúcháin faoin Sceideal atá molta inti agus cad iad na comhlachtaí poiblí a bheadh le cur air. Is fearr liom an cur síos atá déanta ar seo in Acht na Gaeilge TÉ Eis 2 de chuid POBAL. Is fearr liom chomh maith an moladh gur cheart Bord nua a bhunú le scéimeanna a aontú le comhlachtaí nach bhfuil luaite ar an Sceideal. Níor chóir na dualgais seo a chur ar an Choimisinéir Gaeilge.

 

Ceist 6c

Maidir le seirbhísí poiblí, ba chóir moltaí POBAL ó Acht na Gaeilge TÉ Eis 2 a úsáid. Déantar cur síos soiléir in Acht na Gaeilge TÉ ar an Sceideal, agus liostáiltear na comhlachtaí agus na ranna a bheadh ar an Sceideal agus cad iad na dualgais a bheadh orthu faoin Acht. Chomh maith, déantar cur síos cuimsitheach ar scéimeanna / phleananna Gaeilge, leathanach 68-72, mír 35 – 42.

 

 

Mír 7 – Limistéir Ghaeltachta

Ceist 7a - Níl

 

Ceist 7b

Níl sonraí ar bith sa cháipéis le tabhairt le fios cad é an slat tomhais le ‘limistéir Ghaeltachta’ a roghnú. Ba chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeilge gach áit, in ionad iad a bheith teoranta go líon beag de limistéir ar leith. Cad iad na seirbhísí a bheadh ar fáil do dhaoine a bhí ag obair nó ar scoil i limistéir Ghaeltachta, ach ina gcónaí in áit eile, mar shampla?

 

Ceist 7c

Ní hionann ‘limistéir Ghaeltachta’ sna 6 chondae agus sna 26 chondae. Tá tuilleadh eolais agus tuilleadh machnaimh de dhíth ar an cheist seo sula gcuirtear na míreanna seo sa Bhille.

 

Mir 8 Logainmneacha

Ceist 8a - Tá

 

Ceist 8b

Ba chóir tacaíocht agus acmhainní cuí a chur ar fáil do Thogra na Logainmneacha in Ollscoil na Ríona.

 

Ceist 8c

Ní mór an reachtaíocht maidir le sráidainmneacha a leasú. Ba chóir forálacha maidir le comharthaíocht Ghaeilge / dhátheangach de gach chineál a chur sa Bhille, chomh maith le bealaí le húsáid ainmneacha agus seoltaí Gaeilge a éascú.

 

Mír 9 Oideachas

Ceist 9a - Tá

 

Ceist 9b

Níl ach líne amháin faoi Oideachas sa cháipéis. Ní mór soláthar láidir cuimsitheach oideachais a chur sa Bhille. Glacaigí le moltaí POBAL, in Acht na Gaeilge TÉ Eis 2, leathanach 73-80, mír 46-68, mar go gclúdaíonn na moltaí seo gach céim sa chóras oideachais chomh maith le teagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla.

 

Ceist 9c

Féachaigí an freagra thuas: oideachas ag gach leibhéal ó réamhscolaíocht – tríú leibhéal; teagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla; gairmoideachas; acmhainní; traenáil; soláthar do pháistí le Sainriachtanais ar leith; córas iompair srl. Glacaigí le moltaí POBAL, in Acht na Gaeilge TÉ Eis 2 leathanach 73-80, mír 46-68.

 

Ceist 10a

Aontaím nach mbeadh tionchar díobhálach le Bille Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe.

 

Ceist 10b

Molann POBAL gur chóir athbhreithniú rialta a dhéanamh ar ionstraim dhaingnithe na Ríochta Aontaithe maidir le Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, agus ar léirmhíniú leithéidí an Choimisiún um Chomhionannais ar Mhír 75, lena chomhoiriúnach a chinntiú leis an Bhille Gaeilge agus leis an Chairt. Féachaigí leathanach 61-62, mír 7 agus 8, Acht na Gaeilge TÉ Eis 2, POBAL. Aontaím le moltaí POBAL.

 

****************************

NB Is féidir cóip den cháipéis POBAL, Acht na Gaeilge TÉ Eisiúint 2 a fháil ó shuíomh POBAL, http://www.pobal.org/uploads/images/Acht%20na%20Gaeilge%202012.pdf nó cuir scairt orainn 028 90 438132, nó ar r-poist, eolas@pobal.org


POBAL, Aonad 6, Teach Uí Chorráin, Ionad an Dá Spuaic, 155 Sráid Northumberland, Béal Feirste BT13 2JF   Teil: +44 (0)28 90 438132 - R-phost: eolas@pobal.org - www.pobal.org